Tá an chuid seo den suíomh idirlín ar fáil i mBéarla amháin i láthair na huaire.
Tabhair do d’aire go bhfuil roinnt codanna den suíomh idirlín ar fáil i mBéarla amháin. Tá siad á n-aistriú go Gaeilge agus beidh siad ar fáil roimh dheireadh 2017.
Leagtar amach sa treoir seo bunphrionsabail an chórais féinmheasúnaithe mar a bhaineann sé le Cáin Ioncaim (IT) agus Cáin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC). Don Cháin Chorparáide (CT), féach ar Cháin Chorparáide sna rannán Cáin do chuideachtaí.
Is éard is féinmheasúnú ann ná nuair a dhéanann tú féin measúnú ar an CI, Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU), Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus Cáin Ghnóthachan Caipitiúil ba chóir duit a íoc don bhliain. Ní mór duit féinmheasúnú a dhéanamh nuair a thíolacann tú do thuairisceán bliantúil cánach. Déantar eisceacht nuair a thíolacann tú tuairisceán páipéar ar nó roimh 31 Lúnasa sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann an tuairisceán.
Faoin gcóras féinmheasúnaithe, ní mór duit do thuairisceán cánach a thíolacadh ar nó roimh 31 Deireadh Fómhair sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann an tuairisceán.
Caithfidh tú Foirm 11 a thíolacadh ar líne trí Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Ar Aghaidh: Cé ba chóir clárú le haghaidh féinmheasúnú?
Foilsithe: 04 Meán Fómhair 2017 Rátáil cé chomh húsáideach is a bhí an leathanach seo duit Priontáil an leathanach seo