Do thuairisceán cánach a thíolacadh
Príomhchéimeanna chun do thuairisceán cánach a thíolacadh
Féach ar na céimeanna thíos chun cabhrú leat do thuairisceán cánach a thíolacadh agus féinmheasúnú a dhéanamh:
- Tíolaic ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh ROS. Má tá tú cláraithe cheana féin, seiceáil go bhfuil athnuachan déanta ar do dheimhniú ROS agus go bhfuil tú in ann logáil isteach ar ROS. Tabhair faoi deara na hathruithe maidir le Javascript a úsáid.
- Úsáid an ‘Fhoirm 11 ar Líne’ réamhlíonta ar ROS. Is ó fhoinsí éagsúla a thagann an t-eolas a áirítear ar Fhoirm 11 réamhlíonta.
Eolas tógtha ó do thuairisceán roimhe
Má thíolaic tú Foirm 11 le haghaidh 2015, úsáidfear an t-eolas seo chun an Fhoirm 11 le haghaidh 2016 a 'chomhlánú'. Nuair nach bhfuil athruithe tagtha ar an eolas níl aon rud le déanamh agat. Nuair atá na figiúirí difriúil, ní mór duit na figiúirí le haghaidh 2016 a chur isteach.
Áirítear le heolas nach n-athraíonn ó bhliain go bliain eolas faoi do stádas pósta nó sibhialta, sonraí do chéile nó páirtí sibhialta, cur síos ar do thrádáil, líon na maoin ligthe ar cíos.
Áirítear le heolas a athraíonn ó bhliain go bliain eolas faoi d'ioncam a fuarthas, caiteachas trádála agus ligthe cíosa &rl. Is iad figiúirí na bliana roimhe atá ar taispeáint agus ní mór iad a athrú chun figiúirí na bliana seo a thaispeáint.
Ioncaim iarbhír a éiríonn aníos in 2016.
Tá an Fhoirm 11 réamhlíonta le hioncam agus liúntais iarbhír ó na foinsí seo a leanas:
- Ioncam fostaíochta faoi réir ÍMAT, ÍMAT agus MSU asbhainte
- Costais leighis (nuair a bhain tú úsáid as an aip Rianaire Admhálacha)
(Beidh na suimeanna maidir leis an dá fhoinse curtha isteach sa bhosca ceart ar an bhFoirm 11)
- Íocaíochtaí Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI)
- Íocaíochtaí leasa shóisialaigh, mar shampla pinsean seanaoise (is é sin íocaíochtaí ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS))
- Éilimh i leith na Dreasachta um Athchóiriú Tí (DAT).
(Beidh na suimeanna maidir leis na trí fhoinse le feiceáil i dtábla in aice leis an rannán ar an bhFoirm 11. Ní mór duit an figiúr/na figiúirí a chur isteach sa bhosca ceart ar an bhfoirm)
Féach ar an bhfíseán a bhaineann leis an Fhoirm 11 Réamhlíonta chun fháil amach cén chaoi a n-osclaítear an Fhoirm 11 ar Líne agus an fhoirm réamhlíonta a roghnú. Níl an físeán seo ar fáil i nGaeilge go fóill.
3. Déan d’fhéinmheasúnú. Déanfaidh an Fhoirm 11 do dhliteanas a ríomh agus is teimpléad é le haghaidh d'fhéinmheasúnaithe. Chun d’fhéinmheasúnú a dhéanamh, níl le déanamh agat ach aontú leis na figiúirí seo. Ní gá duit aon cháin, ÁSPC ná MSU a ríomh ós rud é go ndéanfar an ríomh seo duit. Féadfaidh tú glacadh leis an ríomh a dhéanann ROS, nó féadfaidh tú d’fhéinmheasúnú féin a dhéanamh.
Féach ar an físeán ar Fhéinmheasúnú Iomlán a Dhéanamh chun an painéal Féinmheasúnú Iomlán a chomhlánú, ós rud é go bhfuil dualgas de réir dlí ort féinmheasúnú a dhéanamh. Níl an físeán seo ar fáil i nGaeilge go fóill.
Tabhair do d'aire go bhfuil ort méid an fhormhuirir dlite faoi Alt 1084 mar gheall ar neamhchomhlíontacht le riachtanais Cánach Maoine Áitiúla a chur isteach ag (g) ar an bpainéal féinmheasúnaithe.
4. Comhlánaigh do Ráiteas Glandliteanas agus ansin Íoc ar ROS.
5. Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, cliceáil ar an gcluaisín ‘Sínigh agus Tíolaic’ chun leanúint ar aghaidh. Ní mór duit ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú chun an tuairisceán a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Teachtaireachtaí Rabhaidh nó Earráide
Nuair roghnaíonn tú ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ ar d’Fhoirm 11, féadfaidh sé go bhfaighidh tú teachtaireacht rabhaidh. Tugtar é seo chun d’aird a tharraingt ar mhír nó ar iontráil sa tuairisceán a fhéadfaidh sé gur gá é a cheartú. Má tá an iontráil mícheart, ní mór duit dul siar agus é seo a leasú. Má tá an iontráil ceart, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú don Fhoirm 11.
Agus teachtaireacht earráide ar taispeáint, beidh cosc ort d’Fhoirm 11 a shábháil go dtí go gceartaítear an iontráil chuí. Taispeánfar an réimse duit a bhfuil an earráid inti. I roinnt cásanna, féadfaidh sé gur gá dul siar chuig scáileán roimhe sin, mar shampla go dtí an painéal ‘Sonraí Pearsanta’ chun iontráil a thabhairt suas chun dáta.
Cinntigh go gcomhlánaíonn tú an painéal Féinmhéasúnú Iomlán, Ráiteas na nGlandliteanas agus Íoc ar ROS.
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, cliceáil ar an gcluaisín ‘Sínigh agus Tíolaic’ chun leanúint ar aghaidh. Ní mór duit ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú chun an tuairisceán a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Ar Aghaidh: Cabhair leis an ioncam ó fhéinfhostaíocht a chomhlánú