Do thuairisceán cánach a thíolacadh
Cabhair leis an ioncam ó chíos a thuairisciú
Tugtar míniú sa físeán seo ar an gcaoi a dtíolactar ioncam ó chíos (lena áirítear an leagan amach nua ar phainéil ar leith le haghaidh ioncam ó chíos cónaithe agus tráchtála). Níl an físeán seo ar fáil i nGaeilge go fóill.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ioncam ó chíos sa rannán maoine.
Teachtaireachtaí Rabhaidh nó Earráide
Nuair roghnaíonn tú ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ ar d’Fhoirm 11, féadfaidh sé go bhfaighidh tú teachtaireacht rabhaidh. Tugtar é seo chun d’aird a tharraingt ar mhír nó ar iontráil sa tuairisceán a fhéadfaidh sé gur gá é a cheartú. Má tá an iontráil mícheart, ní mór duit dul siar agus é seo a leasú. Má tá an iontráil ceart, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú don Fhoirm 11.
Agus teachtaireacht earráide ar taispeáint, beidh cosc ort d’Fhoirm 11 a shábháil go dtí go gceartaítear an iontráil chuí. Taispeánfar an réimse duit a bhfuil an earráid inti. I roinnt cásanna, féadfaidh sé gur gá dul siar chuig scáileán roimhe sin, mar shampla go dtí an painéal ‘Sonraí Pearsanta’ chun iontráil a thabhairt suas chun dáta.
Cinntigh go gcomhlánaíonn tú an painéal Féinmhéasúnú Iomlán, Ráiteas na nGlandliteanas agus Íoc ar ROS.
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, cliceáil ar an gcluaisín ‘Sínigh agus Tíolaic’ chun leanúint ar aghaidh. Ní mór duit ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú chun an tuairisceán a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Ar Aghaidh: Cabhair leis an ioncam ÍMAT a chur isteach