Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Cabhair leis an ioncam ÍMAT a chur isteach

Tugtar míniú san físeán seo ar an leagan amach nua don phainéal ÍMAT agus sonraí Pá, Cánach agus MSU réamhlíonta.

Tabhair do d'aire: Tugtar an Creidmheas Cánach Fostaí anois ar an gCreidmheas Cánach ÍMAT. Más fostaí ÍMAT thú, ní mór duit tic a chur sa bhosca cuí ar an bhFoirm 11 chun a chinntiú go bhfaigheann tú an creidmheas seo. Níl an físeán seo ar fáil i nGaeilge go fóill.

Teachtaireachtaí Rabhaidh nó Earráide

Nuair roghnaíonn tú ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ ar d’Fhoirm 11, féadfaidh sé go bhfaighidh tú teachtaireacht rabhaidh. Tugtar é seo chun d’aird a tharraingt ar mhír nó ar iontráil sa tuairisceán a fhéadfaidh sé gur gá é a cheartú. Má tá an iontráil mícheart, ní mór duit dul siar agus é seo a leasú. Má tá an iontráil ceart, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú don Fhoirm 11.

Agus teachtaireacht earráide ar taispeáint, beidh cosc ort d’Fhoirm 11 a shábháil go dtí go gceartaítear an iontráil chuí. Taispeánfar an réimse duit a bhfuil an earráid inti. I roinnt cásanna, féadfaidh sé gur gá dul siar chuig scáileán roimhe sin, mar shampla go dtí an painéal ‘Sonraí Pearsanta’ chun iontráil a thabhairt suas chun dáta.

Cinntigh go gcomhlánaíonn tú an painéal Féinmhéasúnú Iomlán, Ráiteas na nGlandliteanas agus Íoc ar ROS.

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, cliceáil ar an gcluaisín ‘Sínigh agus Tíolaic’ chun leanúint ar aghaidh. Ní mór duit ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú chun an tuairisceán a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar Aghaidh: Cabhair leis an bhfaoiseamh a éileamh i leith ranníocaíochtaí pinsin