Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Cabhair leis an ioncam ó fhéinfhostaíocht a chomhlánú

Tugtar míniú san fhíseán seo ar an gcaoi a gcomhlánaítear do phainéal fhéinfhostaíochta, lena n-áirítear réamhrá ar an painéal trádála agus roghchlár na gcuntas.  Má oibríonn tú sna hearnálacha tógála, foraoiseachta nó feola, féadfaidh sé go bhfuil d’íocaíochtaí CCI réamhlíonta ar an bpainéal seo. Feicfidh tú na figiúirí seo i dtábla ag tús an phainéil Ioncam ó Fhéinfhostaíocht. Ní mór na figiúirí seo a chur san áireamh i do chuntas trádála don bhliain seo. Níl an físeán seo ar fáil i nGaeilge go fóill.

Teachtaireachtaí Rabhaidh nó Earráide

Nuair roghnaíonn tú ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ ar d’Fhoirm 11, féadfaidh sé go bhfaighidh tú teachtaireacht rabhaidh. Tugtar é seo chun d’aird a tharraingt ar mhír nó ar iontráil sa tuairisceán a fhéadfaidh sé gur gá é a cheartú. Má tá an iontráil mícheart, ní mór duit dul siar agus é seo a leasú. Má tá an iontráil ceart, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú don Fhoirm 11.

Agus teachtaireacht earráide ar taispeáint, beidh cosc ort d’Fhoirm 11 a shábháil go dtí go gceartaítear an iontráil chuí. Taispeánfar an réimse duit a bhfuil an earráid inti. I roinnt cásanna, féadfaidh sé gur gá dul siar chuig scáileán roimhe sin, mar shampla go dtí an painéal ‘Sonraí Pearsanta’ chun iontráil a thabhairt suas chun dáta.

Cinntigh go gcomhlánaíonn tú an painéal Féinmhéasúnú Iomlán, Ráiteas na nGlandliteanas agus Íoc ar ROS.

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, cliceáil ar an gcluaisín ‘Sínigh agus Tíolaic’ chun leanúint ar aghaidh. Ní mór duit ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú chun an tuairisceán a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar Aghaidh: Cabhair leis an ioncam ó chíos a thuairisciú