Do thuairisceán cánach a thíolacadh
Cabhair leis an bhfaoiseamh a éileamh i leith ranníocaíochtaí pinsin
Tugtar míniú san fhíseán seo ar an gcaoi a n-éilítear faoiseamh i leith ranníocaíochtaí pinsin agus ar an gcaoi leis an áireamhán faoisimh pinsin a úsáid.
Tabhair do d’aire: Chun a chinntiú go bhfaigheann tú an faoiseamh ceart, ní mór duit do dháta breithe a chur isteach sa phainéal Sonraí Pearsanta. Má tá faoiseamh á éileamh agat i leith ranníocaíochtaí pinsin maidir le Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise, féadfaidh tú an faoiseamh a éileamh sa phainéal ÍMAT/Sochar Comhchineáil/Pinsin. Má tá faoiseamh á éileamh agat i leith ranníocaíochtaí pinsin maidir le conradh blianachta scoir nó CCSP (Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta), féadfaidh tú an faoiseamh a éileamh sa phainéal Muirir agus Asbhaintí. Níl an físeán seo ar fáil i nGaeilge go fóill.
Teachtaireachtaí Rabhaidh nó Earráide
Nuair roghnaíonn tú ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ ar d’Fhoirm 11, féadfaidh sé go bhfaighidh tú teachtaireacht rabhaidh. Tugtar é seo chun d’aird a tharraingt ar mhír nó ar iontráil sa tuairisceán a fhéadfaidh sé gur gá é a cheartú. Má tá an iontráil mícheart, ní mór duit dul siar agus é seo a leasú. Má tá an iontráil ceart, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú don Fhoirm 11.
Agus teachtaireacht earráide ar taispeáint, beidh cosc ort d’Fhoirm 11 a shábháil go dtí go gceartaítear an iontráil chuí. Taispeánfar an réimse duit a bhfuil an earráid inti. I roinnt cásanna, féadfaidh sé gur gá dul siar chuig scáileán roimhe sin, mar shampla go dtí an painéal ‘Sonraí Pearsanta’ chun iontráil a thabhairt suas chun dáta.
Cinntigh go gcomhlánaíonn tú an painéal Féinmhéasúnú Iomlán, Ráiteas na nGlandliteanas agus Íoc ar ROS.
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, cliceáil ar an gcluaisín ‘Sínigh agus Tíolaic’ chun leanúint ar aghaidh. Ní mór duit ‘Sínigh agus Tíolaic’ a roghnú chun an tuairisceán a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.