Costais sláinte

Léargas ginearálta

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith na gcostas a bhaineann le costais sláinte. Féadfaidh sé gurb iad sin do chostais sláinte féin, costais duine den teaghlach, nó aon duine aonair, chomh fada is gur íoc tusa astu.

Faigheann tú faoiseamh cánach i leith costais sláinte ag do ráta caighdeánach cánach, is é sin 20%. Tugtar costais tí altranais ag an ardráta cánach, is é sin suas le 40%.

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith:

  • costais a aisíocfaidh cuideachtaí árachais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nó aon chomhlacht eile
  • costais a bhfaigheann tú cúiteamh orthu
  • gnáthchóireáil fiaclóireachta nó oftalmach (súile).

Míneofar sa rannán seo na cineálacha costais a cháilíonn le haghaidh faoisimh agus an chaoi a bhféadtar an faoiseamh sin a éileamh.

Ar Aghaidh: Costais incháilithe