Teagmhais Ag Tabhairt Aire do Ghnó

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag glacadh páirte i dteagmhas ionaid ilfhreastail saor eile do Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide "Ag Tabhairt Aire do Ghnó". Beidh an Teagmhas ar siúl san Ionad Comhdhála Clólainne (Printworks Conference Centre), Caisleán Bhaile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, 8ú Samhain, áit a bheidh eolas ar fáil maidir leis na faoisimh chánach agus dreasachtaí atá ar fáil do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide agus iadsan atá ag tosú gnó.

Tá na teagmhais leath lá seo dírithe orthu siúd ag a bhfuil nó a bhainistíonn gnó beag nó a bhfuil sé ar intinn acu gnó nua a thosú.       

Taking-care-of-business logo                

Tabharfaidh raon d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí Stáit léirithe gearra agus freagróidh siad ceisteanna ar na príomh rialacháin agus an chabhair atá ar fáil do do ghnó. Beidh seastáin eolais ar oscailt i gcaitheamh an lae, a ligfidh duit labhairt go neamhfhoirmiúil le baill foirne ó gach ceann de na cuideachtaí atá i láthair.

Is tionscnamh é an teagmhas de chuid na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Chun níos mó eolais a fháil agus le clárú, tabhair cuairt ar http://www.takingcareofbusiness.ie/.  Tá freastal saor in aisce ach moltar luatháirithint go láidir mar tá líonta teoranta. 

Meán Fómhair 2017