Cosaint sonraí

Do chuid sonraí pearsanta a cheartú

Déanann muid gach iarracht a chinntiú go mbíonn do chuid sonraí pearsanta cruinn agus suas chun dáta.

Má mheasann tú nach bhfuil do chuid sonraí pearsanta cruinn nó ábhartha, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn i scríbhinn nó trí ríomhphost. Ba chóir duit míniú soiléir a thabhairt ar na sonraí pearsanta atá i gceist agus na cúiseanna a mheasann tú iad a bheith míchruinn nó gan a bheith bainteach le hábhar.

Leasóidh muid na sonraí laistigh de 40 lá, é sin nó tabharfaidh muid míniú ar an bhfáth nach ndéanfaidh muid amhlaidh. Níl aon táille ar an tseirbhís seo.

Féadfaidh tú do chuid sonraí pearsanta a leasú, lena n-áirítear do sheoladh, do stádas pósta agus mar sin de trí moChúrsaí. É sin nó féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar Aghaidh: Tuairiscigh rochtain neamhúdaraithe amhrasta ar do chuid sonraí pearsanta