Cosaint sonraí
Iarratas a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí
Féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a iarraidh in éineacht leis an táille iarrtha €6.35. Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Déan teagmháil linn.
Chun cabhrú linn do chuid sonraí a chur ar fáil agus déileáil níos tapúla le d’iarratas, ba chóir duit ár ndóthain sonraí a chur san áireamh ionas gur féidir linn thú a aithint.
Cé chomh luath is a gheobhaidh tú freagra?
Déileálfaimid le d’iarratas go pras agus eiseoimid freagra chomh luath agus is féidir. I gcás ar bith, iarrtar faoi na hAchtanna um Chosaint sonraí go n-eiseoimid freagra laistigh de 40 lá ón iarratas a fháil.
An bhféadfaidh duine iarratas ar rochtain a dhéanamh thar do cheann?
Féadfaidh. Féadfaidh tú iarraidh ar dhuine eile sonraí a iarraidh thar do cheann, mar shampla cara, gaol nó dlíodóir. Ní mór d’údarás bheith againn chun é seo a dhéanamh. Is iondúil gur litir shínithe é seo a thugann an t-údarás don duine scríobh chugainn chun do chuid sonraí a fháil agus, nó ár bhfreagra a fháil.
An bhféadtar gach sonra i do leith a fháil?
Ní fhéadtar i gcónaí. Ceadaítear dúinn faoi na hAchtanna sonraí áirithe a choinneáil siar i gcúinsí áirithe. Mar shampla, nuair is dócha, má scaoiltear léi, go ndéanfaí dochar:
- chun cion a chosc, a bhrath nó a fhiosrú
- chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh
- chun aon cháin nó dleacht a mheasúnú nó a bhailiú.
Féadtar tuilleadh eolais ar shrianta ar chearta chun rochtana a fháil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Cosanta Sonraí ag 'Díolúintí ón gceart chun rochtana'.
Ar Aghaidh: Achomharc a dhéanamh ar dhiúltú