Cosaint sonraí
An chaoi a láimhseálann na Coimisinéirí Ioncaim do chuid sonraí pearsanta
Tá rún daingean againn do chuid sonraí a chosaint mar a iarrtar faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Ní mór dúinn na hocht riail thíos a chomhlíonadh agus do chuid sonraí á bpróiseáil againn:
- do chuid sonraí a fháil agus a phróiseáil ar bhealach cothrom
- iad a choinneáil chun cuspóir amháin nó níos mó sainithe agus dlíthiúil
- gan iad a phróiseáil ach ar bhealaí atá comhoiriúnach leis na cuspóirí ar tugadh dúinn ar dtús iad
- iad a choinneáil slán sábháilte
- iad a choinneáil cruinn agus suas chun dáta
- a chinntiú go bhfuil siad imleor, cuí agus gan a bheith iomarcach.
- iad a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná is gá chun an chuspóra nó chun na gcuspóirí sainithe
- cóip a thabhairt duit de do chuid sonraí pearsanta nuair a iarrann tú í.
Déanfaimid ár ndícheall i gcónaí príobháideacht do chuid sonraí pearsanta a choinneáil. Má bhíonn aon imní ort gur tharla nó bhféadfaí sé gur tharla sárú slándála i dtaca le do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil linn. Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Déan teagmháil linn.
An roinnimid sonraí pearsanta le dreamanna eile?
Tá dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht faisnéise cáiníocóirí a chosaint. Tá rún daingean againn na sonraí a thugtar dúinn a chosaint ó nochtadh, seachas mar a fhoráiltear dó faoin dlí.
Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí a roinnt le tríú páirtithe nuair a cheadaítear é le foráil shainiúil reachtach.
Do chuid sonraí pearsanta a choinneáil slán
Tá ardchaighdeáin slándála fisiciúla agus teicniúla in úsáid againn chun rúndacht do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Tá an uile bhall foirne ar an eolas faoin gcaighdeán slándála sonraí a bhfuiltear ag súil leis uathu. Tá srian ar rochtain ar shonraí ach do bhaill údaraithe foirne. Ní bhaineann cearta rochtana na mball foirne ach ar na sonraí a theastaíonn chun a gcuid dualgas ceaptha a chur i gcrích.
Aon fhostaí a sháraíonn na rialacha cosanta sonraí, coinneoidh na Coimisinéirí Ioncaim cuntasach iad.
Tá dualgas orainn faoi réimse leathan forálacha reachtacha agus riaracháin rúndacht sonraí oifigiúla a chosaint. Áirítear leis seo taifid a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe, úsáid neamhriachtanach, athrú, scriosadh nó nochtadh.
Ar Aghaidh: Iarratas a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí