Síneadh ama go dtí 16 Samhain 2017 curtha ag na Coimisinéirí Ioncaim leis an spriocdháta chun Íoc agus Tíolacadh a dhéanamh

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi na deacrachtaí a raibh tionchar acu ar mhórán teaghlach agus gnóthas mar thoradh ar na stoirmeacha le deireanas agus é tugtha faoi deara go bhféadfadh sé gur imir sé tionchar ar ullmhúcháin chun cloí leis an spriocdháta chun Íoc agus Tíolacadh a dhéanamh ar líne.

Chun cabhrú le custaiméirí agus le cleachtóirí a bhí thíos leis mar gheall ar an mbristeach cumhachta, tá comhairle tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu go bhfuil síneadh ama go dtí meánoíche Déardaoin, 16 Samhain 2017 curtha leis an spriocdháta chun Íoc agus Tíolacadh a dhéanamh ar líne.

Beidh na deasca cabhracha le haghaidh ROS agus Tacaíocht Íocaíochta ar oscailt go dtí 8i.n ar na hoícheanta roimh an spriocdháta nua, agus beidh siad fós ar oscailt go dtí meánoíche ar 16 Samhain féin chun cabhrú le tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh suas go dtí an spriocdháta.

An spriocdháta le haghaidh tíolaiceoirí páipéir ná 31 Deireadh Fómhair 2017 agus níl aon athrú ar an spriocdháta seo.

[Críoch 25/10/2017]