Ról na gCoimisinéirí Ioncaim
Struchtúr na heagraíochta – rólanna na rannóg
Bunaíonn chúrsaí cánach agus custam na Coimisinéirí Ioncaim ar ghrúpaí custaiméir atá sainmhínithe go soiléir.
Déileálann ár Rannóg na gCásanna Móra leis na gnóthaí is móra agus daoine is saibhre. Bainistíonn seacht gCeantair ‘2ú shraith’ an sciar don cáiníocóirí is móra taobh amuigh don Rannóg na gCásanna Móra. Chomh maith le freagracht chun rioscanna comhlíonadh a bhaineann le cáiníocóirí níos riosciúla a bhainistiú, bíonn roinnt ceantair 2ú shraith freagracht as an bainistíocht maidir le riosc comhlíonta in earnálacha éagsúla, cibé áit in a bhfuil siad suite.
Déileáiltear le cánacha agus dleachtanna de gach uile custaiméara pearsanta sa Cheantair ina bhfuil cónaí orthu.
Déileáiltear le cánacha agus dleachtanna de gach uile custaiméara gnó sa Cheantair ina mbunaítear bainistíocht agus rialaithe.
Tá 16 rannán laistigh de na Coimisinéirí Ioncaim, eadhon:
- Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha agus an Ard-Chuntasóra
- Rannóg na nGnóthaí Corparáideacha agus Custam
- An Rannóg Faisnéise, Theicneolaíocht na Cumarsáide agus Lóistíochta
- An Rannóg Pleanála
- Rannóg na nImscrúduithe agus na nIonchúiseamh
- Rannóg Dhlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim
- Rannóg an Ard-Bhailitheora
- Rannóg na gCánacha Idirnáisiúnta
- Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Pearsanta
- Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Gnó
- Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Indíreacha
- Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair
- Réigiún Bhaile Átha Cliath
- Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt
- Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt
- Rannóg na gCásanna Móra
Rannóga riaracháin
Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha agus an Ard-Chuntasóra (AC)
- Freagrach as straitéisí bainistíochta acmhainní daonna na gCoimisinéirí Ioncaim, san áireamh:
- pleanáil an fhórsa saothair
- earcaíocht
- forbairt oiliúna agus cumais
- bainistíocht airgeadais agus faisnéise
- athchóiriú corparáideach
- feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí
Tá an rannóg seo freagrach freisin as cuntasaíocht agus tuairisciú gach cánach agus dleachta a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim, chomh maith le feidhmeanna baincéireachta bainteacha.
Rannóg na nGnóthaí Corparáideacha agus Custam
Tá an rannóg seo freagrach as beartas, reachtaíocht agus feidhmeanna idirnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh Custam.
Tá an rannóg freagrach freisin as straitéis chorparáideach, tomhas agus tuairisciú feidhmíochta, cumarsáid agus staitisticí agus feidhmeanna taighde eacnamaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorbairt.
An Rannóg Faisnéise, Theicneolaíocht na Cumarsáide agus Lóistíochta
Tá an rannóg seo freagrach as cumas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim a spriocanna straitéiseacha gnó a bhaint amach trí sheirbhísí faisnéise agus teicneolaíochta cumarsáide a sholáthar atá slán, iontaofa agus ar ardchaighdeán, agus tríd an nuálaíocht, solúbthacht agus dul chun cinn sa teicneolaíocht.
Tá an rannóg freagrach freisin as seirbhísí lóistíochta a bhainistiú agus a soláthar atá lárnach i reáchtáil na hoibre sna Coimisinéirí Ioncaim.
An Rannóg Pleanála
Tá an rannóg seo freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmiú beartais oibríochtúla nuálacha in éineacht le próisis cumasaithe nua gnó a dhearadh.
Déanann an rannóg freisin meastóireacht ar chláir agus ar fheidhmíocht oibríochta.
Rannóg na nImscrúduithe agus na nIonchúiseamh
Tá an rannóg seo freagrach as gníomhaíochtaí imscrúdaithe agus ionchúisimh na gCoimisinéirí Ioncaim a bhainistiú, a fhorbairt agus a chomhordú.
Rannóg Dhlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim
Tá an rannóg seo freagrach as seirbhísí cuimsitheacha tacaíochta dlí a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le dlíthíocht agus achomhairc agus i dtaca le cionta coiriúla a ionchúiseamh.
Rannóg an Ard-Bhailitheora
Tá an rannóg seo freagrach as cánacha móra a bhailiú agus a lóisteáil.
Tá an rannóg freagrach freisin as feidhmiú na gclár bainistíochta fiachais, san áireamh idirghabhálacha cuí chun comhlíontacht thráthúil a uasmhéadú agus chun gníomh forfheidhmithe a thógáil i gcoinne iad siúd a mhainníonn bheith comhlíontach.
Seirbhísí Reachtaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim
Rannóg na gCánacha Idirnáisiúnta
Tá an rannóg seo freagrach as caidreamh gníomhach leis an Aontas Eorpach (AE) agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) i dtaca le cánacha díreacha, lena n-áirítear rannpháirtíocht agus freagraí cuí i dtaca le tionscadal an OECD/G20 ar Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brábús (BEPS); an líonra conartha cánach in Éirinn a leathnú agus a thabhairt suas chun dáta; idirbheartaíochtaí le húdaráis eile chánach, in éineacht le rannpháirtíocht i bhforbairt beartais OECD agus AE ar phraghsáil aistrithe, ar idirbheartaíochtaí iad atá bainteach le nósanna imeachta um chomhaontuithe frithpháirteacha (MAP) agus comhaontuithe réamhphraghsála (APA) cás-sonracha agus bainteach le praghsáil aistrithe; agus cinntiú go léirítear na Coimisinéirí Ioncaim i mbun faisnéis a bhaineann le cáiníocóirí a sholáthar, agus a fháil de réir comhaontuithe malartaithe faisnéise (EOI).
Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Pearsanta
Tá an rannóg seo freagrach as beartas cánacha pearsanta agus caipitil a fhorbairt ag leibhéal náisiúnta agus AE.
Tá an rannóg seo freagrach freisin as feidhmeanna beartais, reachtaíochta agus léiriúcháin a bhainistiú le haghaidh cánacha pearsanta agus caipitil (gan an Cháin Gnóthachan Caipitiúil san áireamh (CGC)).
Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Gnó
Tá an rannóg seo freagrach as na feidhmeanna beartais, reachtaíochta agus léiriúcháin le haghaidh CGC, Cáin Chorparáide (CC), dreasachtaí, seirbhísí airgeadais agus cánacha eile gnó.
Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Indíreacha
Tá an rannóg seo freagrach as beartas indíreach cánach a fhorbairt ag leibhéal náisiúnta agus AE agus as riarachán éifeachtach agus éifeachtúil a chinntiú don Cháin Bhreisluacha (CBL), Mál agus Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF).
Réigiúin
Tá ceithre réigiúin i gceist leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá gach réigiún freagrach as seirbhísí do chustaiméirí, comhlíontacht agus feidhmeanna iniúchóireachta. Baineann sé seo le custaiméirí a bhfuil cónaí orthu sa réigiún agus le gnóthaí atá á mbainistiú agus á rialú sa réigiún. Tá gach réigiún briste ina cheantar de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW)
Tá an réigiún seo freagrach as feidhmeanna seirbhíse agus comhlíontachta a bhainistiú agus a fhorbairt a bhaineann le custaiméirí a bhfuil cónaí orthu sa Réigiún BMW, nó gnóthaí atá á mbainistiú agus á rialú sa Réigiún BMW.
Tá an Réigiún freagrach freisin as rialuithe custam a fheidhmiú sa Réigiún BMW agus na feidhmeanna náisiúnta seo a leanas:
- Lár-Oifig na nAisíocaíochtaí (Muineachán)
- Oifig VIES (Córas Malartaithe Faisnéise CBL), Intrastat agus Cúnamh Frithpháirteach (VIMA) (Dún Dealgan)
- Deasc chabhrach Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) (Caisleán an Bharraigh)
- An Oifig Náisiúnta Ionchúiseamh agus Urghabhálacha (Ceann an Droichid, Dún na nGall).
Réigiún Bhaile Átha Cliath
Tá an réigiún seo freagrach as feidhmeanna seirbhíse do chustaiméirí agus feidhmeanna comhlíontachta cánach agus dleachta bunaithe ar riosca i Réigiún Bhaile Átha Cliath. San áireamh tá rialuithe custam a fheidhmiú in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Port Bhaile Átha Cliath agus Ionad Poist Bhaile Átha Cliath, chomh maith le riar na hOifige Náisiúnta Dleachta Stampála.
Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt
Tá an réigiún seo freagrach as feidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta a bhainistiú agus a fhorbairt a bhaineann le custaiméirí a bhfuil cónaí orthu i Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt. Tá an Réigiún freagrach freisin as an Lár-Oifig Feithiclí, an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil, agus Ionad Poist Phort Laoise.
Réigiún an Iardheiscirt
Tá an réigiún seo freagrach as feidhmeanna seirbhísí do chustaiméirí agus feidhmeanna comhlíontachta cánach agus dleachta riosca-bhunaithe i Réigiún an Iardheiscirt, lena n-áirítear freagracht náisiúnta as an Aonad Muirí agus an Fhoireann Cuardaigh Domhain.
Rannóg na gCásanna Móra
Tá an rannóg seo freagrach as feidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta a bhainistiú agus a fhorbairt a bhaineann leis na gnóthaí is mó agus na daoine aonair is rachmasaí sa Stát, agus as cur i gcoinne idirbheartaíochtaí seachanta cánach ag baint úsáide as an riail ghinearálta in aghaidh sheachaint cánach.