An chaoi le gearán a dhéanamh
Athbhreithnitheoirí Seachtracha
Seo thíos sonraí na nAthbhreithnitheoirí Seachtracha reatha:
- Is dlíodóir agus gairmí gnó í An tUasal Niamh Caffrey a bhfuil taithí speisialta aici sa dlí cánach. Tá taithí shuntasach aici ar comhairle a chur ar réimse leathan de chuideachtaí intíre agus idirnáisiúnta ar ghnéithe cánach d’idirbheartaíochtaí tráchtála. Tá taithí fhairsing aici freisin ar chomhairle a chur ar chliaint phríobháideacha ar shaincheisteanna cánach pearsanta. Ba shainchomhairleoir agus páirtí í roimhe seo i mórchomhlacht dlí. Roimhe sin, ba stiúrthóir í i mórchomhlacht cuntasaíochta. Tá ailt scríofa aici agus cainteanna tugtha uaithi ar ábhair éagsúla chánach.
- Céimí gnó agus cuntasóir é an tUasal Michael Roche a bhfuil taithí fhairsing aige i bhfóntais fuinnimh. I measc na taithí bainistíochta sinsearaí atá aige, tá an t-airgeadas corparáideach, róil rialtóra airgeadais i roinnt gnólachtaí, sainchomhairleoireacht idirnáisiúnta, bainistíocht chistíochta, trádáil fuinnimh agus bainistíocht athraithe. Tá sé ag gníomhú mar sainchomhairleoir, faoi láthair, do chuideachtaí fuinnimh in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
- Comhalta é an tUasal Roger Blackburn d'Institiúid na gCuntasóirí Cairte i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Chuaigh sé ar scor le déanaí mar stiúrthóir agus mar chisteoir Eorpach ar mhórchomhlacht ilnáisiúnta. Tá taithí fhairsing aige ar an gcuntasóireacht, cánachas, pinsin mar aon le saincheisteanna airgeadais agus cistíochta. Bhíodh post sinsearach aige i ngnóthas mór cuntasóireachta roimhe seo. Anuas air sin, is comhalta é de cheann de choistí rialála Institiúid na gCuntasóirí Cairte.
Tabhair do d'aire
Sanntar athbhreithnitheoirí aeachtracha do chás faoi rogha Rúnaíocht Athbhreithnithe na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ar Aghaidh: Achoimre ar shamplaí d'athbhreithnithe inmheánacha agus seachtracha