Achomhairc
Céard is féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh
Tá roinnt ábhar ann nach bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina gcoinne chun an Choimisiúin um Achomhairc Chánach. Féadfaidh tú, áfach, achomharc a dhéanamh in aghaidh fhormhór na measúnuithe a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca leis an méid cánach nó dleachta atá le híoc. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh freisin i gcoinne fhormhór na gcinntí a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim ar cinntí iad a n-easaontaíonn tú leo.
I measc na samplaí de na cineálacha cinntí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nach féidir achomharc a dhéanamh ina gcoinne, tá:
- diúltú creidmheasa, liúntais nó faoiseamh cánach
- diúltú éilimh ar aisíocaíocht chánach
- luacháil maoine chun críche na Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
- luacháil cairr iompórtáilte chun críche na Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF)
- cinneadh gur cónaitheoir chun críche cánach in Éirinn é duine
- cinneadh gan éileamh a cheadú chun speansais áirithe a asbhaint
- cinneadh an bhfuil duine ina fhéinfhostaí nó ina fhostaí chun críche cánach
- cinneadh ar an ráta Cáin Bhreisluacha (CBL) inmhuirir.
I gcoitinne, níl sé i dteideal ag duine achomharc a dhéanamh ach an duine a bhfuil tionchar díreach ag an measúnú nó cinneadh áirithe orthu.
Mínítear ar an bhFógra um Achomharc ó na Coimisinéirí Ioncaim faoin gceart achomharc a dhéanamh agus faoin gcaoi ar chóir duit achomharc a dhéanamh. Tá míniú ar do cheart chun achomhairc ar fáil ar litreacha agus fógraí eile ó na Coimisinéirí Ioncaim a chuireann ar an eolas thú faoi chinntí ar féidir achomharc a dhéanamh ina n-aghaidh.
Ar Aghaidh: Céard nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh